Foilsithe ar 

Osclaíonn an tAire Catherine Martin comhdháil “Dearadh sa Rialtas | Tionchar ar chách”

Inniu, chuir Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte roimh thoscairí chuig an gcéad chomhdháil faoi Dhearadh sa Rialtas i bpictiúrlann Lighthouse.

 

Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo faoi Dhearadh sa Rialtas, dearadh a neadú i gcroílár an Rialtais. Eagraíonn Clár Éire Ildánach agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an chomhdháil mar chuid de Sheachtain Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2022, agus is í an chéad cheann dá leithéid in Éirinn.

 

Is é cuspóir na comhdhála na buntáistí a bhaineann le cumas dearaidh a thógáil san earnáil phoiblí a thaispeáint d’úsáideoirí seirbhíse agus do sholáthraithe seirbhíse araon.

 

Labhróidh Michael McGrath TD - an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe agus Ossian Smyth, TD, an tAire Stáit atá freagrach as Soláthar Poiblí agus ríomh-Rialtas le linn na comhdhála chomh maith. Seolfar fréamhshamhail de phrionsabail dearaidh le linn na comhdhála a cruthaíodh chun teicnící dearaidh a leabú i seirbhísí poiblí. Forbraíodh na prionsabail le saineolaithe ón earnáil phoiblí, ón tionscal agus ón saol acadúil.

 

Tá beirt cheannairí idirnáisiúnta sa réimse ina bpríomhaíonna ag an gcomhdháil.       

 

  • Bhunaigh Lou Downe, iar-Stiúrthóir Dearaidh i Rialtas na RA, an cleachtadh maidir le dearadh seirbhíse sa Rialtas sin. Cuirfidh Lou coincheap an Dearaidh sa Rialtas i láthair agus roinnfidh sé a dtaithí féin ar dhearadh éifeachtach seirbhísí poiblí.
  • Is iar-Stiúrthóir Dearadh Seirbhíse í Mari Nakano in Oifig Chathair Nua-Eabhrac um Dheiseanna Eacnamaíochta. Léiríonn a taithí an chaoi a mbíonn tionchar torthaí dearfacha ar ní hamháin eispéiris an chustaiméara, ach ar an gcaoi a n-oibríonn  fostaithe sa tseirbhís phoiblí lena chéile.
  • Taispeánfar cás-staidéir ar dhea-chleachtas sa tseirbhís phoiblí.

 

Le linn na paindéime d’fhreagair lucht sheirbhís phoiblí na hÉireann go gasta do na dúshláin ollmhóra a chuir an víreas roimh sholáthar éifeachtach seirbhísí rialtais. Agus muid ag teacht amach as an bpaindéim, aithnítear nach mór leanúint leis an móiminteam le haghaidh athraithe.

 

Agus machnamh á dhéanamh aici ar uaillmhianta na comhdhála, dúirt an tAire Catherine Martin:       

“Tá lúcháir ar mo Roinnse comhoibriú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an obair seo chun dearadh a neadú i seirbhísí poiblí. Fáiltím go mór roimh na deiseanna athraithe a chruthóidh an chomhdháil seo. Ní mór cruthaitheacht agus dearadh a fhí isteach inár seirbhísí poiblí.”

 

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Soláthar Poiblí agus ríomh-Rialtas, Ossian Smyth:

“Inniu iarraim ar fhostaithe sa tseirbhís phoiblí ag gach leibhéal oibriú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le plean gníomhaíochta a fhorbairt chun modheolaíocht dearaidh a leabú sa chaoi a ndéanaimid seirbhísí poiblí a phleanáil agus a sheachadadh. Trí dhul i dteagmháil lenár n-úsáideoirí, tástáil, foghlaim agus atriall a dhéanamh, cinnteoimid go gcuirfear riachtanais ár saoránach chun tosaigh agus go mbeidh siad lárnach maidir lenár bhfreagraí beartais a cheapadh agus ár seirbhísí a sheachadadh.”

 

CRÍOCH

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí don Eagarthóir

Is clár uile-rialtais é Clár Éire Ildánach ina gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Tá sé mar aidhm ag an gClár (i) tuiscint ar luach na cruthaitheachta de gach cineál a chur chun cinn, (ii) dul i dteagmháil le agus tionchar a imirt ar chinnteoirí chun cruthaitheacht a leabú trasna beartais phoiblí, agus (iii) rannpháirtíocht i dtionscail chruthaitheacha a thacú agus a chumasú.

 

Ar cheann de na réimsí beartais atá á bhforbairt sa chlár tá plean nua do na tionscail chruthaitheacha dhigiteacha atá le foilsiú in 2023. Tabharfar léargas sa phlean ar conas na tionscail chruthaitheacha atá bunaithe ar dhearadh a fhorbairt. Tá an chomhdháil mar chuid den ullmhúchán don phlean seo. Léigh níos mó faoin gclár anseo.

 

Eolas faoi ról an Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe maidir le claochlú na seirbhíse poiblí.

Infheistíonn an RCPA i bhfeabhsuithe a thacaíonn le sármhaitheas i seachadadh na seirbhíse poiblí ar fud na Státseirbhíse agus agus na Seirbhíse Poiblí in Éirinn. Eagraíonn Aonad na Roinne um Sheachadh Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí Seachtain Náisiúnta Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí. Tá an t-aonad freagrach as clár an Rialtais maidir le nuachóiriú, nuálaíocht agus athnuachan na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí a chur chun cinn.